Archive notice

Please note this site contains archived newsletters and is not currently being updated. The Parish of Saints Peter & Paul - Athlone, Drum & Clonown now has its own website at http://www.sspeterandpaulsparishathlone.com/

Wednesday 10 March 2010

‘Cupán Tae’ sa Droim do Sheachtain na Gaeilge

‘Cupán Tae’ sa Droim do Sheachtain na Gaeilge

Tá Ionad Pobail an Droma ag tabhairt cuireadh duit ‘cupán tae’ a bheith agat leo chun ‘Seachtain na Gaeilge’ a cheiliúradh. Beidh an fhéile bhliantúil ar siúl ar fud na tíre go dtí Lá Fhéile Pádraig. An chuspóir atá leis an bhféile ná úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa saol laethúil. Tá imeachtaí náisiúnta agus áitiúla á n-eagrú ar fud na tíre agus tá sé ar intinn ag Ionad Pobail an Droma a chionn féin a dhéanamh chun ár dteanga dhúchais a chur chun cinn. Chuige sin, beidh maidin caife ar siúl ar an Domhnach, 14 Márta 2010 óna 10.30am go 1pm. Is cuma an bhfuil tú líofa sa teanga nó nach bhfuil, tugtar cuireadh duit teacht agus cúpla focal a labhairt, píosa spraoi a bheith agat agus taitneamh a bhaint as cupán tae nó caife.

Is pobal tuaithe é an Droim i ndeisceart Ros Comáin. Níl sé ach dhá mhíle taobh thiar de lár Bhaile Átha Luain. Tá an t-ionad pobail suite sa Chrannach, baile fearainn a bhí ar cheann de sheacht gceantar Ghaeltachta i gContae Ros Comáin de réir Acht na dTithe (Gaeltacht) 1929.

Tá gach eolas ar fáil ar shuíomh idirlín an Droma ag www.drum.ie nó ar láithréan gréasáin Seachtain na Gaeilge www.snag.ie


‘Cupán Tae’ in Drum for Seachtain na Gaeilge

Drum Community Centre invites you to join them for a ‘cupán tae’ to celebrate Seachtain na Gaeilge. The annual festival runs nationwide until St. Patrick’s Day and aims to promote the use of the Irish language in everyday life. National and local events are being organised across the country, and Drum Community Centre in Athlone is set to play its part in promoting our native tongue by hosting a coffee morning on Sunday, 14 March 2010 from 10.30am to 1pm. Regardless of how much or little Irish you have, you are invited to come along and speak a cúpla focal, have a bit of fun and enjoy a cupán tae.

Drum is a rural community in south Roscommon, only two miles west of Athlone town centre. The community centre is located in the townland of Crannagh, which was one of seven Gaeltacht areas in county Roscommon, according to the Housing (Gaeltacht) Act 1929.

Further details are available on the Drum website at www.drum.ie or the official Seachtain na Gaeilge website www.snag.ie