Archive notice

Please note this site contains archived newsletters and is not currently being updated. The Parish of Saints Peter & Paul - Athlone, Drum & Clonown now has its own website at http://www.sspeterandpaulsparishathlone.com/

Sunday 13 May 2012

Aghaidh ar an Todhchaí: Lá Eolais agus Lá Oscailte ag Ionad Pobail an Droma

Beidh lá eolais agus lá oscailte ar siúl in Ionad Pobail an Droma, Áth Luain, Co. Ros Comáin Dé Sathairn 19 Bealtaine, 12 - 4 i.n. mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOibre Deonaí. Táthar ar thóir oibrithe deonacha ag an ionad pobail - daoine atá sásta a bheith mar chomhalta boird nó mar oibrí deonach ag an mbiongó gach seachtain. "Tá an t-ádh orainn go bhfuil áiseanna den chéad scoth gan fiacha againn anseo sa Droim, ní theastaíonn uainn ach daoine chun leas a bhaint astu agus cúnamh a thabhairt dúinn" arsa Aodán Mac an Mhílidh, rúnaí an choiste.

Tá cuireadh oscailte roimh phobal an cheantair buail isteach le haghaidh cupán tae agus comhrá, nó chun súil a chaitheamh thart ar an ionad, nó chun ceist a chur. Beidh míle fáilte romhat. Más rud é go bhfuil spéis agat ach nach bhféidir leat a bheith i láthair ar an lá, is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.drum.ie