Archive notice

Please note this site contains archived newsletters and is not currently being updated. The Parish of Saints Peter & Paul - Athlone, Drum & Clonown now has its own website at http://www.sspeterandpaulsparishathlone.com/

Sunday 8 March 2009

‘Cupán Tae’ sa Droim do Sheachtain na Gaeilge

Tá Ionad Pobail an Droma ag tabhairt cuireadh duit ‘cupán tae’ a bheith agat leo chun ‘Seachtain na Gaeilge’ a cheiliúradh. Beidh an fhéile bhliantúil ar siúl ar fud na tíre go dtí Lá Fhéile Pádraig. An chuspóir atá leis an bhféile ná úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa saol laethúil. Tá imeachtaí náisiúnta agus áitiúla á n-eagrú ar fud na tíre agus tá sé ar intinn ag Ionad Pobail an Droma a chionn féin a dhéanamh chun ár dteanga dhúchais a chur chun cinn. Chuige sin, beidh maidin caife ar siúl ar an Satharn, 14 Márta óna 11am go 2pm. Is cuma an bhfuil tú líofa sa teanga nó nach bhfuil, tugtar cuireadh duit teacht agus cúpla focal a labhairt, píosa spraoi a bheith agat agus taitneamh a bhaint as cupán tae nó caife.

Is pobal tuaithe é an Droim i ndeisceart Ros Comáin. Níl sé ach dhá mhíle taobh thiar de lár Bhaile Átha Luain. Tá an t-ionad pobail suite sa Chrannach, baile fearainn a bhí ar cheann de sheacht gceantar Ghaeltachta i gContae Ros Comáin de réir Acht na dTithe (Gaeltacht) 1929.

Tá gach eolas ar fáil ar shuíomh idirlín an Droma ag www.drum.iewww.snag.ie